Seirbhísí Bus Súgartha Soghluaiste

Cuidíonn Seirbhísí Cúram Leanaí an Bhus Shúgartha soláthar seirbhísí do réimse pobal agus teaghlach. Tá na seirbhísí seo maoinithe ag   Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Réigiún an Iarthair agus cuireann an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí deontais foirne ar fáil.

Glacann na leanaí agus na tuismitheoirí páirt sna seirbhísí. Bíonn siad páirteach i bpleanáil agus i soláthar na seirbhísí. Tá na seirbhísí solúbtha agus freastalaíonn siad ar réimse leathan grúpaí, ag tabhairt tús áite dóibh siúd nach bhfuil teacht acu ar sheirbhísí chúram leanaí.

Cuireann na Busanna Súgartha Soghluaiste forbairt cumas ar fáil i measc pobal agus cuirtear seirbhísí buana ar bun dá mbarr. Tugtar deis do thuismitheoirí fostaíocht a chuardach, taithí oibre i gcúram leanaí a fháil trí mheán na seirbhíse nó freastal ar thraenáil ar an mbus súgartha fad is a bhíonn aire á dtabhairt dá leanaí.

Cuidíonn an tseirbhís nuálaíoch seo le leanaí a lánpháirtiú isteach i seirbhísí lársrutha. Beidh na táillí inacmhainne agus inrochtana do thuismitheoirí.

Tuilleadh eolas le fáil ó: Mémé Uí Chualáin, Bainisteoir Sheirbhísí Soghluaiste