Feighlithe Leanaí

Cad é/í Feighlí Leanaí?

Tugann feighlithe leanaí aire do leanaí i dteach an fheighlí leanaí féin. Cuireann siad an tseirbhís seo ar fáil i rith na bliana ar fad don lá oibre iomlán nó ar feadh tréimhsí éagsúla i rith an lae. Socraíonn tuismitheoirí agus feighlithe leanaí a dtéarmaí féin. (Is feighlithe leanaí a mbíonn níos mó ná triúr leanaí faoina gcúram agus iad sin amháin atá clúdaithe ag forálacha chuid VII den Acht Cúram Leanaí 1991).

Oifigeach Comhairleach na bhFeighlithe Leanaí

Is é ról an chomhairleora tacú le feighlithe leanaí a thugann aire do thriúr leanaí réamhscoile nó níos lú. Spreagtar feighlithe leanaí chun Coiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe a chur ar an eolas mar gheall ar a seirbhís. Chomh luath agus atá sé seo déanta, is féidir le feighlithe leanaí leas a bhaint as roinnt tacaíochtaí atá ar fáil, mar shampla:

  • Cabhair chun do sheirbhís fheighlitheoireacht leanaí a bhunú
  • Tacaíocht leanúnach do sheirbhísí atá bunaithe cheana féin
  • Treoir maidir le taifid a choinneáil
  • Cabhair chun rochtain ar threalamh
  • Rochtain ar mhaoiniú
  • Oiliúint áitiúil
  • Gréasán áitiúil feighlithe leanaí
  • 'Líne Chabhrach' chun eolas a fháil - (091) 735715
  • An Cód Cleachtais