| Eolas fúinn
Cuireadh Coiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe ar bun i 2000 chun cabhrú le réimhse leathan seirbhísí comhtháite inrochtana inacmhainne d'ardchaighdeán do leanaí i gcathair agus i gcontae na Gaillimhe a fhorbairt.
Ballraoícht: Tá 27 duine ina mbaill de Choiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe agus is ionadaithe iad do ghrúpaí reachtúla agus deonacha a bhfuil suim acu i gcúram leanaí, Boird Chomhphháirtíochta, soláthróirí cúram leanaí agus tuismitheoirí.

Foireann: Fostaíonn Coiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe 8 nduine, ina measc, Comhordaitheoir, Riarthóir, Bainisteoir an Bhus Súgartha Soghluaiste, Oifigeach Comhairleach na bhFeighlithe Leanaí agus Oifigeach Eolais, chomh maith le 3 Oibrí Forbartha, duine do gach ceann de na háiteanna seo a leanas: Cathair na Gaillimhe, Oirthear Chontae na Gaillimhe agus Iarthar Chontae na Gaillimhe.
Coistí Cúram Leanaí Chontae
Mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta 2000/06, tá ról lárnach tugtha do Choistí Cúram Leanaí Contae ó thaobh fhorbairt chur chuige comhordaithe maidir le cúram leanaí d'ardchaighdeán ag leibhéal áitiúil.
Ba é Coiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe an chéad choiste den chineál sin a bunaíodh.
|