Deontas Forbartha na bhFeighlithe Leanaí
Cad é Deontas Forbartha Feighlithe Leanaí (CMDG)?
I mí na Nollag 2003, d'fhógair an tUas. Michael McDowell, T.D., Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, sonraí an Tionscnaimh Náisiúnta Fheighlitheoireacht Leanaí. Tá an scéim Phíolótach Deontas Forbartha Fheighlithe Leanaí mar chuid den tionscnamh €1.8 milliún a dháilfidh cistí ar 3,000 Feighlí Leanaí ar a laghad i 2004 chun cabhrú leo caighdeán a gcuid seirbhisí a fheabhsú. Gheobhaidh Coiste Cúram Leanaí Chontae & Chathair na Gaillimhe €146,000 mar chuid den chlár seo.
Is é aidhm Deontas Forbartha na bhFeighlithe Leanaí spreagadh i bhfoirm dheontas caipitil beag a thairiscint d'Fheighlithe Leanaí chun cur le agus tacú lena n-eolas faoi chúram leanaí d'ardchaighdeán.
Is é aidhm Deontas Forbartha na bhFeighlithe Leanaí cabhrú le Feighlithe Leanaí a chuireann seirbhís feighlitheoireachta leanaí ar fáil ina dtithe féin, chun sábháilteacht/caighdéan na seirbhíse a fheabhsú trí íoc as nithe beaga caipitil, trealamh bréagáin nó costais bheaga oiriúnaithe. D'fhéadfadh sé a bheith mar chabhair airgeadais d'Fheighlithe Leanaí nua nó do dhaoine a bhfuil fonn orthu a bheith ina bhFeighlithe Leanaí ó thaobh a gcuid costais bhunaithe.
Cén maoiniú atá ar fáil faoi Dheontas Forbartha na bhFeighlithe Leanaí?
Is é an deontas is mó atá ar fáil d'Fheighlí Leanaí, a chomhlíonann critéir iomlána na scéime, 90% de chostas cúram leanaí incháilithe a bhfuil admháil ag dul leis, faoi réir uasdheontais de €630.
Cad dó is féidir an deontas a úsáid?
Is féidir an deontas a úsáid chun íoc as nithe beaga caipitil ar nós rudaí chun sábháilteacht/caighdeán na seirbhíse a fheabhsú; trealamh; bréagáin nó costais bheaga oiriúnaithe chun caighdeán na seirbhíse a sholáthaítear a fheabhsú.
Tuilleadh eolas ó: Sheila Garrity, Oifigeach Comhairleach na bhFeighlithe Leanaí
|