EnglishDivideIrish

NuachtCartlann


Divide
Page Resources

 


Liosta Grúpaí Tuismitheoirí & Leanaí

Leabhrán Eolais - Grúpaí Tuismitheoirí & Leanaí

 

Deontais do Thionscnaimh Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí 2012 - (Spriocháta) 25/5/2012)

Critéir maidir leis an deontas:

Níor chóir ach do Ghrúpaí Tuismitheoirí agus Leanaí atá eagraithe ar bhonn neamh-bhrabúsach agus a mbíonn rannpháirtíocht ag tuismitheoirí sa phobal iontu iarratais a dhéanamh. Tá deontas de €400 ar fáil do ghrúpaí atá socraithe suas agus €700 do ghrúpaí nua.
Dáta don t-iarratais bheith istigh san oifig seo: 25ú Bealtaine 2012

Le d’thoil cuir isteach do chuid eolais baince leis an iarratas, m.sh ainm agus seoladh an bhanc, uimhir sórtála agus uimhir an chuntas.

Beidh maoiniú ar fáil le haghaidh:-

• Bréagáin, trealamh agus leabhair
• Oiliúint do thuismitheoirí, m.sh . garchabhair phéidiatraice, scileanna coiste, cúrsaí tuismitheoireachta
• Gníomhaíochtaí do leanaí, e.g. ealaíona agus ceardaíocht, ceol & rl.
• Beidh maoiniú teoranta ar fáil i gcomhair árachais, cíosa, oiliúint nó mion-athchóiriú.

Ní bheidh maoiniú ar fáil in ’s na cásanna airithe seo leanas:
• Grúpaí a oibríonn as tithe príobháideacha
• Iarratais nach bhfuil líonta isteach i gceart
• Ócáidí aon-uaire ar nós turais agus cóisirí
• Grúpaí a bhfuil brabus de €4,000 (nó nios mó) ina gcuntas banc i láthair na huaire.
• Grúpaí a fuair maoiniú ón gCoiste Cúram Leanaí i 2011 agus nár sheol arais an tuairisc forbartha, agus an fhoirm ag deimhniú go bhfuair an grúpa an maoiniú.
Nóta : Mona bhfaigheann do ghrúpa maoiniú, tá córas i bhfeidhm ag Coiste Cúram Leanaí Chontae agus Chathair na Gaillimhe chun an cás a fhiosrú.

Conas Iarratas a Dhéanamh:-

Comhlánaigh an fhoirm iarratais  ag úsáid bloclitreacha soiléire. Bí cinnte led’thoil go bhfuil gach cuid den bhfoirm comhlánaithe agus go bhfuil an t-iarratas sínithe ag ball den choiste. Tá taifid shimplí airgeadais tábhachtach do ghrúpaí a fhaigheann deontais toisc go dtugann siad cosaint do gach éinne a bhfuil rannpháirtíocht acu iontu. Níl sé riachtanach, áfach, do ghrúpaí nuabhunaithe taifead airgeadais a sholáthar go dtí go mbíonn siad bliain amháin ar bun.

Is féidir fótachóip a dhéanamh den bhfoirm seo más gá. Seoltar ar ais í chuig:-
Coiste Cúram Leanaí Chontae agus Chathair na Gaillimhe,
9b Ionad Miondíola Liosbán,
Bóthar Thuama,
Gaillimh
Fón: 091 752039 Faics: 091 735701
Ríómhphost: mail@galwaychildcare.com Láithreán Gréasáin: www.galwaychildcare.com

Cuirfear fáilte roimh chomhfhreagras i nGaeilge.
Tá an fhoirm seo ar fáil as Gaeilge agus as Béarla.

 


Footer Logos